Liam Ó Maonlaí
An Taibhdhearc, Feabhra 3, 8pm 

Mar chuid den fhéile nua dhátheangach “Tonnta”, beidh Liam Ó Maonlaí i mbun seó aonair

an-phearsanta sa Taibhdhearc Dé Sathairn an 3 Feabhra 2024.

Tá Liam ar dhuine de na taibheoirí is cumasaí, is carasmataí agus is tochtmhaire dá bhfuil le fáil i gceol traidisiúnta na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Ó tháinig sé chun cinn sna 1980idí leis an mbanna Hothouse Flowers a raibh an-tóir orthu, tá Liam imithe i bhfeidhm ar an lucht leanúna, ar lucht meastóireachta agus ar cheoltóirí eile araon. Dar le ‘Rolling Stone Magazine’, dúirt Bono gurbh é an banna sin an banna ab fhearr ar an domhan seo nach raibh conradh sínithe acu.

Téann gaisce ceoil Liam Uí Mhaonlaí, duine de na taibheoirí is cumasaí, is carasmataí agus is tochtmhaire dá bhfuil le fáil i gceoil traidisiúnta na hÉireann sa lá atá inniu ann, i bhfad níos faide ná a chuid fréamhacha cultúir féin agus é ag meascadh ceol tíre, ceol blues, ceol gaspal, ceol soul, ceol rac agus neart eile lena ghuth dochreidte agus a mháistreacht ar iliomad uirlisí ceoil ón bpianó go dtí an fhliúit, an t-orgán béil go dtí an bodhrán.

Le linn a ghairme, a théann siar tríocha bliain, tá uimhir a haon bainte amach i mbreis is scór tír ag Liam, idir bheith ag ceol le ceoltóirí bundúchasacha in iargúil na hAstráile go dtí a bheith ag taifeadadh le roinnt de na ceoltóirí is fearr aithne ar domhan, Glen Hansard, Marketa Irglova, Carlos Nunes, Donal Lunny, U2 agus Van Morrison, ina measc gan ach cuid díobh a lua.

Tá sé fós ag cur an lucht éisteachta faoi gheasa ina cheoltóir aonair agus ina phríomhamhránaí le Hothouse Flowers ar fud an domhain, mar aon leis é féin a athchruthú le linn gach seisiúin ceoil.


Liam is one of the most talented, charismatic and soulful performers of Irish traditional music today.

Since first bursting onto the scene in the 1980s with hugely popular band Hothouse Flowers, Liam has captured the attention of audiences, critics and musicians alike. According to ‘Rolling Stone Magazine’, Bono noted the ensemble were the “best unsigned band on the planet.”

One of the most talented, charismatic and soulful performers of Irish traditional music today, Liam O’Maonlaí’s musical prowess goes beyond his own cultural roots as he blends an eclectic mix of folk, blues, gospel, soul, rock, and more with his amazing vocals and an array of instrumental mastery from piano to flute, harmonica to bodhran.

Spanning over three decades, Liam’s career has seen him achieve number one hits in over twenty countries, from playing with Aboriginal musicians in the Australian outback to recording with some of the world’s best-known musicians including Glen Hansard, Marketa Irglova, Carlos Nunes, Donal Lunny, U2 and Van Morrison, to name just a few.

As a solo performer as well as frontman of Hothouse Flowers, he continues to wow audiences worldwide reinventing himself with each performance.


Support Act: 
Mairéad Ní Fhlatharta &  Erin Nic Eoghain
An Taibhdhearc, February 3rd, 8pm

Mhairéad Ní Fhlatharta

“Tá glór binn, sainiúil Mhairéad Ní Fhlatharta ar cheann de sheoda an dlúthdhiosca. Tá a cumas iontach mar fhonnadóir lena mbaineann sí casadh nua as filíocht ársa, cheolmhar na n-amhrán mar bhua eile aici. Tá an aois agus an ársacht a bhaineann le seanamhráin, tá an chroíúlacht agus an óige a bhaineann leis na hamhráin nua le brath ar rogha amhrán Mhairéad.” B’shin an cur síos cruinn a rinne Éamon Ó Donnchadha ar amhránaíocht Mhairéad Ní Fhlatharta sna nótaí a bhí ag gabháil leis an dlúthdhiosca, Ó Chaon Taobh, a d’eisigh sí in 2010.  

Thug na hamhráin neart deiseanna do Mhairéad go dtí seo. Chuir sí aithne ar na hamhránaithe móra sean-nóis agus ar an bpobal sean-nóis fré chéile ag Oireachtais, Féile Joe Éinniú, Féile na Mí agus ag neart féilte ceoil eile ar fud na tíre. Tá duaiseanna go leor bainte amach aici. Ba mhór an onóir di Corn Dharach Uí Chatháin d’amhránaithe, Corn Sheosamh Uí Éanaí, Cearnaire Shéain Óig Uí Thuama, Corn Chóil Neaine Pháidín agus Fleadh Cheoil nah Éireann.  Bhuaigh sí Corn na mBan agus tá an dara háit bainte amach aici i gCorn Uí Riada.

Bhí sí mar aoi agus mhúin sí ceardlanna amhránaíochta ag féilte ar fud na tíre: Féile Joe Éinniú, Sean-nós Cois Life, Blas i Luimneach, Féile Chois Cuain i gCluain Cearbán, Scoil Samhraidh Shligigh Theas i dTobar an Choire agus ag Féile na Mí i Ráth Chairn. Cúis mhór bróid di amhráin ar an sean-nós a chasadh ag féile cheoil Milwaukee, i Lorient na Fraince, ag Celtic Connections i nGlaschú na hAlban agus sa gColáiste Éireannach i Lobháin na Beilge. 

Tá ríméad uirthi a bheith ag casadh ag an bhféile Tonnta i mbliana! 

Deeply influenced by the Connemara sean-nós style of singing, Mairéad Ní Fhlatharta has enjoyed singing at festivals such as Mikwaukee, Lorient. Celtic Connections, Féile Joe Éinne, Féile na Mí and Traidphicnic. She recorded her solo album Ó Chaon Taobh in Stiudió Cuan sa Spidéal. She is passionate when teaching and sharing her wealth of songs. Mairéad is honoured to sing at this years Tonnta festival

Erin Nic Eoghain

Is múinteoir bunscoile í Erin Nic Eoghain a rugadh agus a tógadh in Craigavon, Co. Ard Mhacha. Thosaigh sí ag foghlaim an veidhlín chlasaicigh nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois. Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh sí ag foghlaim ceol traidisiúnta agus tá an dá mhodh ar a toil aici. Lean sí air aghaidh lena cuid oideachas ceoil faoi stiúir Michael d’Arcy, agus bhain sí gradam B.Ed Mus amach i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, amach. I dteannta leis sin, tá céim mháistreachta sa gceol traidisiúnta aici ó Dháimh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil, Ollscoil Luimnigh. Is iarbhall í den Clare Memory Orchestra, The National Folk Orchestra of Ireland agus den bhanna céilí An Trióg. Chaith sí seal ag taisteal go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Bíonn sí ag teagasc go rialta ag Scoil Éigse Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus ag moltóireacht ag fleánna cúige agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá cónaí ar Erin ar an Spidéal lena fear céile, Seosamh Ó Neachtain, agus a mbeirt ghasúr, Darragh agus Nessa.