Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Galway Shopping Centre, 

Sat 3rd, 12pm 

Tá Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ar an bhfód le dhá bhliain déag, nuair a tháinig buíon beag t
uismitheoirí agus ceoltóirí le chéile i gceantar Chois Fharraige le seisiún seachtainúil ceoil a
chur ar fáil do ghasúir an cheantair.  
Ón gcéad lá, bhí an bhéim ar an gceol a chasadh le chéile i dtimpeallacht a bheadh spraoiúil
agus cairdiúil, agus ina mbeadh béim láidir ar an teanga agus ar an traidisiún ceoil áitiúil.  
Tosaíodh le grúpa beag gasúir bunscoile – roinnt blianta ina dhiaidh sin
a tosaíodh ar Sheisiún do Dhéagóirí.Anois, bíonn suas le caoga páiste ag freastal ar an dá sh
eisiún seachtainiúil, idir 7 mbliana agus 18 bliain d'aois - gan trácht ar na micléinn ollscoile a
choinníonn an ceangal linn, fiú agus an scoil fágtha acu.  
Reáchtáiltear ceardlanna sa gceol, san amhránaíocht agus sa damhsa, bíonn na daoine óga
ag freastal ar ócáidí agus ar fhéilte ceoil ar fud na tíre agus tá ceangal agus
cairdeas déanta againn le grúpaí ceoil i gceantair Ghaeltachta eile, ó thuaidh agus ó dheas
den teorainn.
Bíonn Ceoltóirí Óga Chois Fharraige páirteach san iliomad ceolchoirm agus taispeántas
ceoil go háitiúil, tá duaiseanna buaite ag ár gceoltóirí ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag
Oireachtas na Samhna; is údar bróid dúinn
go bhfuil cuid dár gcuid ceoltóirí, a thosaigh linn nuair a bhí siad sa scoil náisiúnta, atá anois
ina múinteoirí ceoil agus ina meantóirí do na gasúir óga atá linn.  
Tá Ceoltóirí Óga Chois Fharraige lárnach sa togra Taisce
Chois Fharraige, togra uaillmhianach agus eisiach le aitheantas a thabhairt don traidisiún sai
bhir cultúrtha i nGaeltacht Chois Fharraige, idir cheol, amhránaíocht, filíocht, damsa agus na
healaíona béil. Tá cur síos cuimsitheach ar fhonnadóirí, ceoltóirí, damhsóirí, scéalaithe agus
scríobhneoirí an cheantair ar an suíomh gréasáin www.taiscecf.ie
Is togra pobail atá i gCeoltóirí Óga Chois Fharraige, atá á reachtáil go deonach. Tá an t-
ádh orainn go bhfuil pobal cumasach ceoil sa gceantar agus roinneann ceoltóirí na háite a g
cuid ceoil agus a gcuid ama linn go fial.
Tá an Ghaeilge ag croílár ár bhfealsúnacht. Is í
an Ghaeilge teanga cumarsáide, teagaisc agus spraoi na gceoltóirí. Tá muid fíorbhródúil as an pobal óg ceoil agus teanga bríomhar, spraoiúil, cumasach atá againn sa gceantar – gur
fada buan iad!