tonnta

Beidh Tonnta - an fhéile is nuaí i nGaillimh a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar Ghaillimh ina cathair dhátheangach - ar siúl ón 1 - 4 Feabhra.  Céard atá i gceist leis an bhféile? Ó tharla gur deireadh seachtaine na Féile Bríde a bheidh ann, beidh roinnt téamaí i gceist ach is é príomhthéama na Féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar stádas na Gaillimhe ina cathair dhátheangach.


An Dátheangachas!

Le linn an deiridh seachtaine agus go háirithe ag an gCéilí Mór saor in aisce agus seónna tine ar an bhFaiche Mhór agus ag na ceardlanna, taispeántais chartúin agus imeachtaí teaghlaigh ag an PorterShed, beidh deiseanna agat do spéis sa Ghaeilge a athmhúscailt trí labhairt le hambasadóirí teanga tuisceanacha agus cuidiúla a rachaidh i mbun comhrá leat ar cibé leibhéal Gaeilge a bhfuil tú compordach leis.  

Beidh go leor de na ceardlanna agus imeachtaí dátheangach lena n-áirítear na Turais Bhia agus Uisce Beatha le Galway Food Tours, an Dirty Circus sa Taibhdhearc, Am Scéalaíochta i gcomhar le Féile Moth and Butterfly i Leabharlann na Cathrach.


Mná Mnásome a bheidh lárnach san fhéile Tonnta freisin!

Ar Lá Fhéile Bríde, agus go deimhin le linn an deiridh seachtaine ar fad, déanfaimid ceiliúradh ar na mná agus tá ríméad ar Tonnta go mbeidh léiriú beo den phodchraoladh Beo ar Éigean, taispeántas grinn Mnásome Geeze sa Róisín Dubh agus Seisiún Ceoil na mBan sa Crane mar chuid de na himeachtaí.

Déantar ceiliúradh leis an gclár imeachtaí freisin ar Chultúr na Gaeltachta agus níl aon dream níos fearr ann chun é sin a dhéanamh ná Altan a bheidh ag ceol in Amharclann Halla na Cathrach, Dé hAoine an 2 Feabhra; Liam Ó Maonlaí a bheidh ag ceol sa Taibhdhearc, mar aon leis an amhránaí Mairéad Ní Fhlatharta, a bheidh in éineacht leis an gceoltóir, Erin Nic Eoghain, (An Spidéal, Co na Gaillimhe), Dé Sathairn an 3 Feabhra; Beidh Pastime Chonamara, agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige in Ionad na Faiche Móire Dé Sathairn freisin agus an Trad Rave a bheidh ar siúl sa Róisín Dubh ar an Déardaoin 1 Feabhra.

Saor in Aisce

Tá cuid mhór de chlár Fhéile Tonnta saor in aisce lena n-áirítear cainteanna, ceardlanna, an Taispeántas Cartún Gaeilge á chur i láthair ag Féile Cartún na Gaillimhe agus Lá na bPáistí a bheidh ar fad ar siúl in PorterShed a Dó, Sráid an Mhargaidh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Chomh maith leis sin beidh an fhéile Tonnta faoi lán seoil ar an bhFaiche Mhór Dé Sathairn an 3 Feabhra nuair a bheidh Céilí Mór (2pm go 5pm) saor in aisce ar bun agus dhá sheó tine á gcur i láthair ag Rogu, a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, ag 5.15pm agus ag 7pm.

 

Tonnta - Galway’s newest festival, celebrating the Irish language and Galway as a bilingual city will run from February 1st to 4th. What’s it about? Given the weekend that’s in it there are a number of themes, but the primary one is to celebrate Galway’s status as a bilingual city.


Bilingualism!


Throughout the weekend and particularly at the free Céilí Mór and fire shows in Eyre Sq and at the workshops, cartoon exhibitions and family events in the Portershed, there will be opportunities to (re) awaken your interest in the Irish language by speaking with helpful and empathetic language ambassadors who will chat to you at whatever level of Gaeilge you

are comfortable with.


Many workshops and events will be bilingual including the Food and Whiskey Tours with Galway Food Tours, the Dirty Circus in An Taibhdhearc and Story Time in conjunction with the Moth and Butterfly Festival in the City Library. 


Tonnta is also about Mnásome Women!

On St Brigid’s Day and indeed all weekend, we celebrate women and Tonnta is delighted to bring you a live presentation of the Beo ar Éigean podcast, the Mnásome Geeze comedy performance in the Róisín Dubh and Seisiún Ceol na mBan at the Crane.



Language and Culture go hand in hand.

The programme also celebrates the Culture of the Gaeltacht and who better to embody that than Altan, in the Town Hall Theatre on Friday 2nd; Liam O’Maonlaí in An Taibhdhearc on Saturday 3rd; Pastime Chonamara and Ceoltóirí Óga Chonamara in the Eyre Square Centre also on Saturday and the Trad Rave in the Róisín Dubh on February 1st.


Free

A big part of the Tonnta Festival programme is free including talks, workshops, the Irish Language Cartoon Exhibition presented by the Galway Cartoon Festival and Lá na bPáistí all taking place in the PorterShed a Dó, Market Street, on Saturday and Sunday.

Also on Saturday 3rd , Tonnta takes over Eyre Square with a free Céilí Mór (2pm to 5pm) and two fire shows presented by the renowned Rogu at 5.15pm and at 7pm.